BOOK NOW

Turas Príobháideach Safari Mara
an Daingin ar Rib

€70 an Duine

Cláraigh Anois

Fad an Turais:

2.5-3 Uair

Grúpa Uasta:

12 Paisinéir

Costas Turais Bád:

€70 an Duine

Íosmhéid aoise:

9 mbliana d’aois

Íodmhéid airde:

130cm

Ellipse 199

Eispéaras a chuirfidh sceitimíní ort

Turasanna do
Gach Ócáid

An bhfuil rud éigin beagáinín difriúil agus éagsúil á lorg agat duit féin agus do do chomhghleacaithe oibre, do chairde nó do theaghlach i mbliana? Tá rib oscailte spraíúil agus taitneamhach againn do do ghrúpa féin nó chun ceiliúradh níos príobháidí a bheith agat! Téigh díreach suas chuig cuid de na radharcanna is suntasaí agus is drámatúla ar Leithinis Chorca Dhuibhne agus bain sult as bealach spraíúil chun taisteal ar an turas báid rib seo. Roghnaigh ó amanna turais dhifriúla, caith ort d’éadach uiscedhíonach, agus tosaigh le grúpa beag mar chomhluadar agat. Féach ar spléachadh de Leithinis Chorca Dhuibhne a chailleann an chuid is mó de thurasóirí ag taisteal ar an Rib – is cinnte go mbeidh turas spreagúil, gasta agat timpeall ar chósta an Daingin, na Blascaodaí agus deis agat fiadhúlra áitiúil agus níos faide i gcéin a fheiceáil agus a iniúchadh. Níl ach 12 duine ar an turas grúpa beag seo ionas go mbeidh eispéireas pearsanta agat.

I measc na roghanna eile tá turas chuig oileán Dairbhre amach ó Chiarraí Theas nó an Tiaracht – an t-oileán is sia siar san Eoraip le teach solais iontach air.

Cláraigh Anois
Déan Teagmháil Linn

Leithinis Chorca Dhuibhne

Na Blascaodaí

Is oileánra beag iad na Blascaodaí ina bhfuil sé phríomhoileán agus scata eile níos lú ná iad, suite timpeall ar 5km ón mórthír. Tá cáil ar na hoileáin seo mar gurb iad an pointe is faide siar in Éirinn agus san Eoraip. Níl duine ná deoraí ag maireachtaint orthu ón uair ar tréigeadh iad sa bhliain 1953 de bharr na ndúshlán a bhaineann le naomhóga traidisiúnta a rámhaíocht go dtí an mórthír le linn tréimhsí de chruatan agus imirce, ach tá saibhreas thar na bearta le fáil iontu agus iad breac le fiadhúlra ilghnéitheach go fóill. Is féidir puifíní, éin mhara, míolta móra, deilfeanna, agus ceann de na coilíneachtaí rónta is mó in Éirinn a fheiceáil orthu, rud a fhágann go bhfuil siad mar thearmann dóibh siúd a bhfuil suim acu sa nádúr.

Cláraigh Anois
Déan Teagmháil Linn
Ellipse 199

I measc na 6 oileán tá:

An Blascaod Mór

An tOileán Tiar 

5.2km ar fad agus 1km ag an bpointe is leithne, tá an sráidbhaile ar an oileán seo suite aran taobh thoir den oileán, ag tabhairt aghaidh ar an mórthír. Tá An Trá Bhán taobh thíos den bhaile. Tá an Blascaod Mór 5km ar bhád ó Ché Dhún Chaoin.

Inis na Bró

Cathedral Rocks 

Bhí daoine ina gcónaí ar an oileán seo go dtí lár na haoise seo caite. Rachadh caoirigh agus eallach an Bhlascaoid Mhóir ar féarach ann sa tsamhradh. Roghnaíodh na pluaiseanna ar an taobh thuaidh chun rónta a fhiach.

Inis Mhic Uibhleáin 

Inis Mhic Uibhleáin 

Chuir muintir Uí Dhálaigh futhú ar an oileán seo go dtí gur tréigeadh é sa bhliain 1904. Tá iarsmaí de shuíomh mhainistreach luath ann freisin. Ba é seo baile samhraidh Charles Haughey, Iar-Thaoiseach, le déanaí.

An Blascaod Mór

An tOileán Tiar 

5.2km ar fad agus 1km ag an bpointe is leithne, tá an sráidbhaile ar an oileán seo suite aran taobh thoir den oileán, ag tabhairt aghaidh ar an mórthír. Tá An Trá Bhán taobh thíos den bhaile. Tá an Blascaod Mór 5km ar bhád ó Ché Dhún Chaoin.

Inis Tuaisceart 

Inis Tuaisceart 

Bhí daoine ina gcónaí ar an oileán seo le linn ré na luath-Chríostaíochta, agus tá iarsmaí d’aireagal ar a dtugtar Aireagal Bhreandáin ar an oileán seo. Bhí daoine ina gcónaí ann ar feadh tréimhsí gearra sa naoú haois déag. Fásadh prátaí agus ramhraíodh caoirigh anseo.

Beiginis 

Beiginis 

Chabhraigh féar saibhir an oileáin seo le eallach na nOileánach a ramhrú. Is féidir iarsmaí a bhaineann le háitreabh aoire a aimsiú ar an oileán seo.

Fiadhúlra

Tugann Ár Safari Mara tú ar thuras dochreidte ionas go bhfeiceann tú na radharcanna aoibhne agus an fiadhúlra atá le fáil ar chósta Leithinis Chorca DHuibhne. Feictear deilfeanna ag snámh timpeall na leithnise fud fad na bliana, agus is féidir míolta móra a fheiceáil i rith an tsamhraidh idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair. De réir mar a théann ár rib-eanna go dtí na Blascaodaí, feicfidh tú ceann de na coilíneachtaí rónta is mó in Éirinn! Tagann puifíní chuig an leithinis idir Márta agus Iúil gach bliain, agus beidh tú in ann iad a fheiceáil agus pictiúir a thógaint díobh ina ngnáthóg nádúrtha chomh maith le roinnt mhaith d’éin mhara eile.

Féach ar an bhFiadhúlra
Ellipse 205
Ellipse 205
Ellipse 205
Ellipse 205

Léarscáil dár dTuras!

Safari Mara an Daingin

Eolas tábhachtach

Riachtanais Éadaí:

Caithfidh gach custaiméir gléasadh mar is cuí (bíodh éadaí te ort ar a laghad, moltar hata agus lámhainní).

Cuirtear éadaí uiscedhíonach (bríste agus seaicéad) ar fáil

Íosmhéid Aoise:

Íosmhéid aoise 9 mbliana d’aois (Caithfidh leanaí a bheith 130cm ar airde ar a laghad)

Amanna Seiceála Isteach:

Seiceáil isteach do thurasanna luath ar maidin – 30 nóiméad roimh imeacht. Bíonn ar gach gach turas eile seiceáil isteach 1 uair an chloig roimh imeacht.

Cá háit gur féidir teacht orainn:

The Pier, Aonad 1, Ionad na nOifigí Turasóireachta, Sráid na Trá, Farrannakilla, Daingean Uí Chúis, Ciarraí, Éire. V92 W52C Éire

Aisíocaíochtaí:

Aisíocaíocht iomlán nuair a chuirtear turas ar ceal: níos luaithe ná 48 uair roimh am tosaithe Aisíocaíocht: 100% d’íocaíochtaí na cuideachta agus 100% d’íocaíochtaí comhcheangailte.

Cealúcháin:

Tá an ceart ag Safari Mara an Daingin aon turas a chur ar ceal: – De réir ár rogha féin mar gheall ar an aimsir, sábháilteacht nó tosca gan choinne – Gearrfar an táille iomlán orthu siúd nach dtagann. Déan teagmháil linn ar an bhfón nó ar ríomhphost chun fiosrú a dhéanamh faoi chealúchán.

Glaoigh Orann

Léirmheasanna

Cad atá á rá faoinár dturas

Cad atá á rá faoinár dturas

Na Gradaim Is Mó Againn

Cuir do thuras álainn in áirithe anois d’eispéireas nach ndéanfaidh tú dearmad air go deo agus tú ag taisteal timpeall ar chósta mealltach an Daingin! Deimhnigh do spás inniu!

Cláraigh Anois
Back to Top