Mar Gheall ar Mara an Daingin
Thuras Safari
Is éard atá sa turas turas uathúil seo ná radharc ar chósta maorga Chuan an Daingin agus na pluaiseanna agus na haillte an tslí ar fad go dtí an Blascaod Mór! Dein tú féin a thumadh i bpléisiúr agus coimeád súil amach do na mamaigh agus na héin mhara go léir a bheannóidh duit agus tú ar do shlí. This tour is limited 12 persons max each time, therefore it can offer a very personal experience! (Íosmhéid 6 in aghaidh an turais).
Tá eolas thar na bearta ag do chaptaen ar an gcósta seo mar tá na blianta caite aige ar an bhfarraige sa Daingean. Cuirfidh sé iontas ort lena chuid scéalta go léir agus tú ar an turas. Is féidir an turas seo a dhearadh tú féin. Is féidir leat an rib a fháil ar cíos go príobháideach agus cinneadh a dhéanamh ar an limistéar áirithe den chuan ar mhaith leat a fheiceáil!
Leithinis Chorca Dhuibhne
Na Blascaodaí
Is oileánra beag iad na Blascaodaí ina bhfuil sé phríomhoileán agus scata eile níos lú ná iad, suite timpeall ar 5km ón mórthír. Tá cáil ar na hoileáin seo mar gurb iad an pointe is faide siar in Éirinn agus san Eoraip. Níl duine ná deoraí ag maireachtaint orthu ón uair ar tréigeadh iad sa bhliain 1953 de bharr na ndúshlán a bhaineann le naomhóga traidisiúnta a rámhaíocht go dtí an mórthír le linn tréimhsí de chruatan agus imirce, ach tá saibhreas thar na bearta le fáil iontu agus iad breac le fiadhúlra ilghnéitheach go fóill. Is féidir puifíní, éin mhara, míolta móra, deilfeanna, agus ceann de na coilíneachtaí rónta is mó in Éirinn a fheiceáil orthu, rud a fhágann go bhfuil siad mar thearmann dóibh siúd a bhfuil suim acu sa nádúr.