Turas Safari Mara an Daingin

Eachtra BRI ar an BRI oscailte tráchtála is mó sa tír, taobh le cósta Chorcha Dhuibhne agus na mBlascaodaí!

Safari Mara an Daingin

Fad: 2.5-3 uair an chloig.

Ag fágaint ché an Daingin (cliceáil anseo do Google Maps)

Sonraí an turais:
Tógann an turas ar leith seo isteach cósta álainn maorga Bhá an Daingin, na pluaiseanna agus na faillte an tslí ar fad siar go dtí na Blascaodaí!

Breathnaith na hiontais atá romhat, agus coimeád súil amach do na mamaigh agus éanlaithe iomadúla mara a chasfaidh ort ar do shlí.

Tá an turas seo teoranta go 12 duine gach babhta, agus dá bhrí sin is féidir le eispéireas fíor-phearsanta a chur ar fáil do gach duine! (6 duine ar a laghad gach turas).

Tá cur amach iontach ag bhur gcaptaen ar an gcósta, toisc go bhfuil na blianta fada caite aige ar muir amach ón Daingean. Beidh tú faoi dhraíocht ag na scéalta ar fad a chloisfidh tú uaidh ar an tslí!

Is féidir an turas seo a shaindearadh. Is féidir leat an BRI a thógaint ar cíos go príobháideach agus cinneadh a ghlacadh faoi limistéar áirithe sa bhá gur mhaith leat am a chaitheamh ann!

  • Radharc i ngiorracht dos na mBlascaodaí

  • Féach ar na foirmíochtaí carraige iomadúla ar chósta Chiarraí Thiar

  • Rónta – féach na rónta iomadúla ar an mbealach!

  • Plainéad ceilte Luke Skywalker! Féach ar an áit a ndeineadh scannánú Star Wars i gCorca Dhuibhne.

  • Faigh blaiseadh ar chuid de phluaiseanna mara Chiarraí Thiar

  • Faigh lán do shúl de na radharcanna áille líonmhara atá le feiceáil i gCorca Dhuibhne!

  • Sea Safari 1

Rónta Charraí Thiar

Rónta Charraí Thiar 

  • Tá tréad mór rónta sna Blascaodaí. Tá rónta fiosrach ó nádúr, agus dá bhrí sin, má tá ceamara maith agat, ba cheart go mbeadh sé cuíosach fuirist roinnt grianghraf iontach a fháilt dóibh ina ngnáthóg chuí.

  • Ar ár dturas is féidir go gcífeá ceann de na tréada róin is mó in Éirinn ar cheann d’ár dturasanna.

  • Is ainmhithe iontacha iad rónta. Tugann fionnadh agus blonag thiubh na rónta cosaint in aghaidh teochtaí reoite.

  • Tálann rónta bainne le 50% saille ann. Cuireann na héin róin suas 3-5 púint meáchain gach lá, a mbuíochas don mbainne seo.

  • Is féidir le rón a anáil a choimeád ar feadh 2 uair an chloig, an tréimhse is faide i measc na mamach.

  • Is iad a namhaid is mó ná an chráin dhubh, an béar bán agus an searc.

Puifíní

Puifíní

  • Tugann puifíní cuairt ar chósta thiar na hÉireann gach bliain idir Márta agus Iúil.

  • Caitheann puifíní an chuid is mó dá saol amuigh ar an bhfarraige, ag ligint a scíth ar bharr na dtonn nuair nach bhfuil siad ag ag snámh. Bíonn siad le fáil ó chósta thoir Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go cósta thiar na hEorpa.

  • Féach ar na puifíní agus glac grianghraif dóibh ónár BRI!

Míolta Móra Mara agus Dilfeanna

Míolta Móra Mara agus Dilfeanna

  • Sa bhreis ar gach rud eile ar feadh na heachtra is sea mórán míolta mara agus deilfeanna a fheiscint! Táid seo a leanas ar fad feicthe againn ar ár dturais taobh le cósta Chorca Dhuibhne:

  • Droimeiteach beag

  • Míol mór dronnach

  • Droimeiteach órm

  • Cráin dhubh

Turas Safari Mara an Daingin

Déan áirithint anois – roghnaigh dáta thíos!